back to urticaria day
Language

Urticariaday2016: Never give up!

Beidh an tríú la aodh thochais ar siúl ar an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair 2016. Is é mana an lae i mbliana “ná caill misneach choíche!“ I gcás go leor othar téann míonna nó blianta fiú thart go dtí go n-aimsítear an chúis nó cóir leighis éifeachteach le haghaidh aodh thochais. An aidhm atá leis ná na hothair a bhfuil aodh thochais orthu a spreagadh gan misneach a chailleadh agus a saol a chur faoi smacht le cúnamh na n-othar eile agus na ndochtúirí. Bí ag spreagadh daoine eile! Scríobh síos conas a d‘éirigh leat leanúint ar aghaidh d’ainneoin na ndúshlán go léir a bhí romhat. Cuir in iúl conas agus cá háit a bhfuair tú cabhair ionas go bhfaighfidh othair eile tacaíocht go luath agus go mbíodh uchtach acu.

http://urticariaday.org/uct/face-upload/

Chomh maith leis sin, is é an “Urticariaday“ deis iontach feasacht i leith aodh thochais a scaipeadh i measc na n-othar agus a dteaghlach, na ndochtúirí, na bpolaiteoirí, na n-iriseoirí agus an phobail ar fad. Leathnaigh do ghréasán cumarsáide féin tríd an “ghrúpa aodh thochais“ domhanda gníomhach. Beidh tacaíocht agus cabhair agat am ar bith. Bíodh a fhios agat nach mbíonn tú leis féin agus aodh thochais ort!

Cé hiad “muid“? Is muidne go léir atá i gceist! Othair, dochtúirí, eagraíochtaí, tusa agus mise. Tá gach éinne atá páirteach san “urticariaday“ ina bhall den ghréasán aodh thochais. Cabhraigh linn cuidiú a thabhairt duit féin agus do hothair eile le bhur gcuid aodh thochais a chur faoi smacht agus tú ag insint do scéil do dhaoine eile. Úsáid meáin cumarsáide éagsúla le heolas faoin “urticariaday“ ar 1 Deireadh Fómhair 2016 a roinnt: mar shampla, tríd Twitter nó Facebook ag cur “is maith liom“ nó ag roinnt do chuid taithí le daoine eile.

Tháinig an smaoineamh agus an spreagadh don lá seo ón eagraíocht Ghearmánach GA²LEN, Unev, the Urticaria Network e.V., Daab e.V. agus ó iomaí eagraíochta eile ar fud na cruinne ag gabháil d'obair ar son na n-othar a bhfuil ailléirgí agus aodh thochais orthu.

Supporter

Urticaria Day website user guide

Download

info